•  

Eolas

Seán Ó Sionnaigh

Is Forbróir Gréasáin mé atá lonnaithe in Éirinn le breis is cúig bhliain déag le taithí ag obair i rólanna tráchtála atá bainteach leis an ngréasáin. Go dtí seo tá taithí agam ag obair i dtionscail eagsúla; Seirbhísí, Earcaíocht, Oideachas, Rialtas, Déantúsaíocht agus Airgeadais. Tá obair déanta agam mar Shaor Forbróir ar thionscadail aonair ag bualadh le cliant, ag bailiú riachtanais agus ag tabhairt an tionscadal chun críoch. Uaireanta eile, d'obair mé mar bhall d'fhoireann ildisciplíneach chun feidhmchláir a chruthú. Uaireanta bheadh an obair á dhéanamh i dtimpeallacht ilchultúrtha.

Chruthaigh mé an feidhmchlár gréasáin seo mar ardán dom mo scilleanna teicniúla a fhorbairt, mo suimeanna ar an ngréasán a bhailiú in aon áít amháin agus an suim agam sa Ghaeilge a spreagadh. Is féidir an suíomh seo a chomhtháthú le YouTube, Google+, Twitter, Facebook agus foinsí eagsúla RSS. Dear mé é dom féin mar shuíomh fábhrach do fón soghluaiste agus mar lárshuíomh ilteangach.

Tá réimse mór scilleanna agam – dearadh gréasáin tosaigh, forbairt císeal meánach agus dearú bunachar sonraí. I measc mo scilleanna tá:

  • ASP.net MVC, Web Forms, Web Services
  • C#, VB.Net
  • JavaScript, JQuery, JSON
  • SQL Server, MySQL
  • Agile, SCRUM

Ábhair Spéise

Taobh amuigh don teicneolaíocht, tá suim mhór agam i gcúrsaí spoirt, go hárithe Iománaíocht, Rith agus an Tri-atlan.

  • D'imir mé Iomáint Shinsear le CLG Naomh Uinsionn.
  • mé mar bhall do Club Luthchleasaíocht Donore Harriers. Tá maratóin eagsúla rite agam i mBoston, Berlin, Baile Átha Cliath, Rotterdam agus Londain.
  • Sa Tri-atlan, tá an Tri-atlan Gearrchúrsa, Olimpeach, Leath Tri-atlan agus Ironman iomlán (Ironman France).


Gradaim

Bronntear na Gradaim McNamee do ardchaighdeán léirithe sa réimsí cumarsáide, caidreamh poiblí agus iriseoireacht.